Rud éigin do gach duine i nDún Lúiche
Ag Ionad Cois Locha, Cuirimid réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil do chuairteoirí de gach aois, rud a chinntíonn lá lán spraíúil do theaghlaigh, do ghrúpaí agus do dhaoine aonair fosta.

Loch Cruite
Tugann ár dTuras Bád bealach suaimhneach agus radharcach chun áilleacht nádúrtha na ceantair a bhlaiseadh. Téigh trasna Loch Dhún Lúiche agus tú ag baint taitnimh as radharcanna iontacha ar Shliabh Earagail agus ar Ghleann Nimhe finscéalach, agus tú ag foghlaim faoi bhéaloideas agus stair iontach an réigiúin. Tá an turas síochánta seo foirfe chun taitneamh a bhaint as suaimhneas agus tírdhreacha maorga Dhún na nGall.

Báid Rothar
Más mian leat níos mó craic, cuireann ár mBáid Rothair eachtrúil ar fáil! Is bealach iontach iad na báid spraíúla agus cairdiúla don teaghlach seo chun taitneamh a bhaint as do chuid ama i nDún Lúiche. Comhcheanglaíonn na báid an spraoi a bhaineann le bheith ar an uisce le píósa beag aclaíochta. Tá siad oiriúnach d’aon duine atá ag lorg eispéireas uathúil agus idirghníomhach ar ár loch.

Gníomhaíochtaí do Pháistí
Is cinnte go mbainfidh cuairteoirí óga taitneamh as ár gClós Súgartha nua! Le tuairtcharr do pháistí a bhfuil ag iarraidh dúshlán spraíúil agus áit súgartha bog taobh istigh do na muintir beaga, is cinnte go mbeidh uaireanta an chloig lan spraoi. Ní bheadh aon chuairt críochnaithe gan haigh a rá lenar ainmhí bhFeirm Chairdiúil, áit a thig le páistí agus le daoine fásta bualadh lenár n-ainmhithe feirme galanta.
Gairdín Céadfach
Le haghaidh sos síochánta, cuireann ár nGairdín Céadfach an éalú foirfe ar fáil. Lán de phlandaí le boldadh galanta, fuaimeanna suaimhneacha, agus dathanna beoga, is spás suaimhneach é atá deanta chun do chéadfaí a spreagadh agus ligean duit scíth a ligean, suaimhneas a ghlacadh, agus taitneamh a bhaint as áilleacht an nádúir.
Cuir do Chuairt in Áirithe Inniu
Cibé an bhfuil tú anseo chun stair shaibhir na háite a fhoghlaim, giota spraoi a bheith agat amuigh faoin aer, nó díreach scíth a ligean sa nádúr, cuireann Ionad Cois Locha rud éigin ar fáil do gach duine. Is áit foirfe é do teaghlach le haghaidh lá cuimhneacháin ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin!

