ÁIRIGH ANOIS

Imeachtaí atá le Teacht 

Trad Trathnóna

  • Dátaí: Gach Máirt i mí Iúil agus Lúnasa. 
  • Am: 8:30 PM (Osclófar na doirse ag 8:00 PM) 
  • Ticéid: €10 an duine (ar fáil ag an doras agus ar líne).
  • Deochanna: Ar fáil le ceannach. 
  • Páirceáil: Páirceáil saor in aisce ar fáil.

Oícheanta Ceoil Thraidisiúnta in Ionad Cois Locha. Bígí linn gach tráthnóna Dé Máirt i rith mhí Iúil agus mhí Lúnasa le haghaidh Trad Trathnóna, sraith imeachtaí ceoil thraidisiúnta Éireannaigh nach féidir dearmad a dhéanamh orthu. Suite cós na tine, beidh ceoltóirí áitiúla, atá fréamhaithe go domhain i dtraidisiúin shaibhre ceoil ár gceantair, chomh maith le ceoltóirí aitheanta ó gach cearn den Éirinn, ag seinm ag na tráthnónta seo. Ní féidir le duine ar bith ar breá leis ceol fíor-Éireannach a chailleadh i suíomh pearsanta agus fáilteach. Tar isteach don cheol, fan don atmaisféar, agus bain sult as an tallann áitiúil agus náisiúnta is fearr. 

An Chultúrlann

Tá toilleadh de 500 duine inár bpríomhspás imeachtaí, An Chultúrlann, agus tá sé lánfheistithe le stáitse, beár, agus córas fuaime den scoth. Tá an spás seo oiriúnach do cheolchoirmeacha, gníomhartha siamsaíochta, imeachtaí pobail, agus go leor eile. Le blianta beaga anuas, bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimh ealaíontóirí aitheanta ar nós Paul Brady agus an fuirseoir Tommy Tiernan i measc go leor eile. Baineadh úsáid as an ionad freisin le haghaidh dinnéir phríobháideacha, imeachtaí corparáideacha, agus laethanta carthanachta, rud a léiríonn a inoiriúnaitheacht d’aon ócáid.

Imeachtaí Príobháideacha

Is féidir an Chultúrlann a chur in áirithe chomh maith le haghaidh ócáidí príobháideacha, lena n-áirítear bainis, cóisirí, agus imeachtaí corparáideacha. Leis an áit mhór atá lan le áiseanna den scoith, thig linn cuidiú le d’imeacht a dhéanamh cuimhneacháin agus gan fadbh. Cibé acu atá cruinniú pearsanta nó ceiliúradh mór á phleanáil agat, is é seo an t-ionad foirfe do d’imeacht.

DÉAN TEAGMHÁIL LINN

Clárú Nuachtlitir

Liostáil lenár Nuachtlitir Ríomhphoist chun fanacht cothrom le dáta ar nuacht ó am go ham.

Sign up for Dunlewey Centre

Poist Instagram is Déanaí