ÁIRIGH ANOIS

Ár Seoladh

Ionad Cois Locha
Dún Lúiche, Gaoth Dobhair,
Co. Dún na nGall, F92 W265.

Cainéil Shóisialta

Lean muid ar Facebook
Ionad Cois Locha ar Instagram
Lean muid ar X – Twitter

    Seol Ríomhphost Chugainn

    Ceisteanna Coitianta

    Cad iad uaireanta oscailte Ionad Cois Locha?
    Táimid oscailte ó 10:30-4:30 le linn ár séasúir. Seiceáil ár suíomh gréasáin le haghaidh aon athruithe séasúracha nó uaireanta speisialta saoire.
    Cá bhfuil Ionad Cois Locha suite?
    Tá Ionad Cois Locha suite i nDún Lúiche, Contae Dhún na nGall, Éire, ach cúpla nóiméad ó Shliabh Errigal. Lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill agus feadh na Slí Fiáin an Atlantaigh. Eirchód: F92 W265.
    Cad is féidir liom a bheith ag súil leis ón Turas ar Theach an Fhíodóra?
    Áirítear leis an turas faoi stair Dhún Lúiche agus theaghlach Ó Fearraigh, taispeántas beo sníomh agus fíodóireachta, turas treoraithe ar Theach an Fhíodóra Manus Ó Fhearraigh agus cuairt ar Shiopa Sophie, uilig caomhnaithe mar a bhí sé blianta fada ó shin.
    Cé chomh fada is a mhaireann Turas Theach an Fhíodóra?
    Maireann an turas thart ar 30 nóiméad de ghnáth.
    Cén cíneal gníomhaíochtaí atá ar fáil ag Ionad Cois Locha?
    Cuirimid réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil, Turas Báid, clós súgartha, tuairtcharr, báid phéidil, súgradh bog, gairdín céadfach, agus ainmhithe feirme.
    An d’thig liom turas báid a chur in áirithe?
    Thig cinnte, is féidir leat turas báid radharcach a chur in áirithe trasna Loch Dhún Lúiche. Áirítear leis an turas gutháin faoi stair na ceantair, radhairc ar Shliabh Earagail agus ar Ghleann Nimhe, agus béaloideas áitiúil.
    An dtugann sibh turais ghrúpa?
    Cinnte, cuirimid turais ghrúpa ar fáil, atá foirfe do ghrúpaí scoile, turais bus, agus tuilleadh. Téigh i dteagmháil linn le haghaidh tuilleadh sonraí agus chun áirithint a dhéanamh.
    An féidir liom an Cultúrlann a chur in áirithe le haghaidh imeachtaí príobháideacha?
    Thig, is féidir suas le 500 duine a chur in áirithe inár gCultúrlann agus tá sé ar fáil d’ócáidí príobháideacha. Tá beár iomlán, stáitse agus córas fuaime ann. Téigh i dteagmháil linn le haghaidh eolais faoi áirithintí.
    Cad iad na háiseanna atá ar fáil in Ionad Cois Locha?
    Cuirimid leithris saor in aisce ar fáil, lena n-áirítear leithreas atá inrochtana go hiomlán le áit athraithe agus ardaitheoir. Tá caifé agus siopa ceardaíochta againn fosta ina bhfuil ceardaíocht áitiúil.
    An bhfuil Ionad Cois Locha inrochtana do chuairteoirí faoi mhíchumas?
    Tá, déanaimid ár ndícheall ár n-ionad a dhéanamh inrochtana do gach cuairteoir. Tá leithris agus áiseanna inrochtana againn chun cuairt chompordach a chinntiú.
    Cad iad na roghanna bia atá ar fáil?
    Cuirimid béilí agus sneaiceanna úra, croíúla ar fáil ar nós tae, caife agus scónaí. Is fiú triail a bhaint as ár gcówder bia mara cáiliúil. Ní bhíonn bia ar fáil ach le linn shéasúr an tsamhraidh.
    Cad is féidir liom a fháil sa siopa ceardaíochta?
    Tá píosaí uathúla ó ealaíontóirí áitiúla le feiceáil inár siopa ceardaíochta, lena n-áirítear geansaithe Áran agus bréidín Dhún na nGall. Tacaímid le healaíontóirí áitiúla a úsáideann acmhainní áitiúla.
    Conas is féidir liom dul go hIonad Cois Locha?
    Is féidir leat teacht orainn i gcarr, ar bhus, ar iompar poiblí, nó ón aerfort is gaire. Tá treoracha mionsonraithe ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
    An bhfuil aon nithe is díol spéise in aice láimhe?
    Tá, thig leat Sliabh Earagail, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Gleann Nimhe, agus nithe is díol spéise áitiúla eile a iniúchadh feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

    Clárú Nuachtlitir

    Liostáil lenár Nuachtlitir Ríomhphoist chun fanacht cothrom le dáta ar nuacht ó am go ham.

    Sign up for Dunlewey Centre

    Poist Instagram is Déanaí