Stair & Béaloideas Uathúil
Lonnaithe i gcroílár pictiúrtha Dhún Lúiche, d’oscail Ionad Cois Locha a dhoirse den chéad uair i 1989, agus go gasta, d’éirigh sé ina ionad luachmhar d’oidhreacht chultúrtha, eachtraíochta, agus eispéiris don teaghlach. Le blianta beaga anuas, táimid ag cur fáilte roimh chuairteoirí gan áireamh atá fonn orthu foghlaim faoi bréidín Dhún na nGall agus an fhídóir Mhánais Ó Fearraigh, turais báid radharcacha, agus gníomhaíochtaí fa choinne an teaghlach uilig a cheiliúrann stair agus béaloideas uathúil an réigiúin.


Buail leis an bhFoireann
Le chéile, tugann ár bhfoireann meascán d’eolas áitiúil, saineolas agus paisean a chinntíonn go mbeidh gach cuairt ar Ionad Cois Locha cuimhneacháin. Táimid bródúil as cultúr, oidhreacht agus áilleacht nádúrtha an cheantair seo a roinnt le gach duine a thugann cuairt.
Tacaíocht an Phobail
Cosúil le go leor gnólachtaí, bhí dúshláin mhóra romhainn le linn phaindéim COVID-19, ach is sceal mianach agus pobail é ár scéal. Le tacaíocht ónár bpobal áitiúil, foireann dhíograiseach, agus cuairteoirí dílse, d’oscail muid faoi bhainistíocht úr in 2023. Chuidigh a bpaisean linn Ionad Cois Locha a athchóiriú agus a fheabhsú, ag cinntiú go bhfanann sé ina cheann scríbe cultúrtha bríomhar agus ina áit a thugann daoine le chéile.
Céim Siar san Am
Sa lá atá inniu ann, seasann Ionad Cois Locha mar fhianaise ar neart ár bpobail agus ar achomharc buan oidhreacht shaibhir Dhún na nGall. Cibé an bhfuil tú anseo chun foghlaim faoin stair áitiúil, taitneamh a bhaint as an radharcra nádúrtha iontach, nó scíth a ligean i suíomh ina mbuaileann traidisiún agus nádúr le chéile, cuirimid fáilte chroíúil romhat taitneamh a bhaint as draíocht agus spiorad uathúil na háite speisialta seo.

