skip to main content
ÁIRIGH ANOIS

Turas Cúrsála agus Turas Teachín an Fhíodóra

Cheangail an léargas stairiúil ar scileanna traidisiúnta agus ar shlí mhaireachtála le turas galanta ar bharr Loch Dhún Lúiche.

Dunlewey price icon.
PRAGHAS
ó €15
Dunlewey duration icon.
FAD
3 uair
ÁIRITHINT PACÁISTE
The Gráinne Rose boat on a lake cruise at Dunlewey, Donegal

Turas Loch Dhún Lúiche

Téigh ar thuras treoraithe 1.5 uair an chloig ar bord an Gráinne Rose ar Loch Dhún Lúiche, suite faoi Shliabh an Earagail. Tugann an turas suaimhneach seo radharcanna iontacha ar an nGleann Nimhithe agus léargas ar stair áitiúil, lena n-áirítear scéalta faoin gcrannóg ársa agus “An Bhean Uaine” tubaisteach Eastát Guinness. Saibhríonn scéalta inste de mhiotaseolaíocht na hÉireann, amhail an cath idir Lugh agus Balor, an taithí, rud a fhágann gur meascán tarraingteach den dúlra, den finscéal agus den chultúr é.

View through the trees of the White-washed Weavers Cottage in Dunlewey, Donegal.

Turas Teachín an Fhíodóra

Lonnaithe i gcroílár Dhún Lúiche, tugann Turas Teachín an Fhíodóra léargas ar thraidisiúin fíodóireachta na hÉireann agus ar shaol theaghlach Ó Fearraigh. Ar a dtugtar Teach Mháire Mhór, ba é an teachín baile Mhánus, Pádraig, agus Sophie Ó Fearraigh agus tá sé caomhnaithe chun léiriú a dhéanamh ar an saol tuaithe traidisiúnta. Déanann cuairteoirí iniúchadh ar theicnící fíodóireachta stairiúla agus ar oidhreacht áitiúil, ag toiseacht le físean gairid ar stair Dhún Lúiche, ar theach cónaithe muintir Ó Fearraigh, agus ar thrádáil bréidín fíodóireachta an réigiúin.

Ár Eispéiris

Oil painting of Errigal Mountain and Donegal landscape, with fiddle and Trad Tráthnóna text in top.
Dunlewey Centre Music icon

Trad Tráthnóna
(Seisiúin Cheoil Bheo)

Price: From €10pp
BOOK NOW TOUR DETAILS
Front Entrance of white and sandstone Dunlewey Centre building in Donegal.
Dunlewey Centre Ticket icon

Cead Isteach

Price: ó €3
ÁIRIGH ANOIS TOUR DETAILS
Close-up of a Donegal Tweed spinning wheel at Dunlewey Weaver's Cottage, Donegal.
Dunlewey Centre Weaving icon

Turas Bréidín Dhún na nGall

Price: ó €5
ÁIRIGH ANOIS TOUR DETAILS
Weaver's Cottage with white-washed walls and red half-door in Dunlewey, Donegal
Dunlewey Boat icon

Turas Bád & Teach an Fhíodóir

Price: ó €15
ÁIRIGH ANOIS TOUR DETAILS
The Dunlewey Centre building in Donegal, with Mount Errigal high above it in the background.
Season Ticket icon

Ticéad Séasúir

Price: ó €90
ÁIRIGH ANOIS TOUR DETAILS

Cad atá á rá ag ár gCuairteoirí

Stars Icon.
De ghnáth, tabharfhainn muid cuairt ar Dhún Lúiche gach bliain, agus ní bhíonn díomá orainn riamh. Is breá lenár mbuachaillí é. Bhí cúpla rud nua le feiceáil i mbliana, rud a bhí iontach deas, agus is buaicphointe i gcónaí an turas báid ar an loch. Beidh muid ar ais an bhliain seo chugainn cinnte. Is fiúntach an praghas é seo a bhuíochas leis an mbia, an ceol, agus an t-atmaisféar te.
Sabrina, ar TripAdvisor
Stars Icon.
Is eispéireas riachtanach é Ionad Cois Locha. Bhain muid an-taitneamh as gach bomaite dár gcuairt. Sa Chaifé, bhain muid sult as caife, tae, agus ceapairí blasta. Cuireann an fhoireann seirbhís den scoth ar fáil. Thug muid turas radharcach ar an loch le Peadar agus Pól freisin—bhí sé iontach suimiúil. Neart ceardaíochta agus priontaí áille le meas agus le ceannach. Radharcanna iontacha!
Pearl, ar Google Reviews
Stars Icon.
Áit iontach do pháistí agus do theaghlaigh. Thug muid cuairt ar an teach agus ar an turas báid, a raibh iontráil saor in aisce isteach sa pháirc súgartha mar chuid de. Bhí an teachín cosúil le siúlóid tríd an am agus an-suimiúil. Thaispeáin an bhean a bhí ann dúinn cen dóigh olann a shnáthú agus bhí sé iontach. Thug an turas báid cuntas mionsonraithe ar an talamh máguaird.
Margaret, ar Google Reviews
Stars Icon.
Cé nach bhfuil cónaí orainn rófhada ó Dhún Lúiche, ba é seo ár gcéad chuairt ann agus chuir sé iontas orm cé chomh hiontach is atá an seoid bheag fholaithe seo! Tá neart rudaí ann do pháistí, tá ár bpáistí idir 2 agus 8 mbliana d’aois, agus bhí na tuairtcharr agus na pedalos iotach, chomh maith leis an gclós súgartha.
Joy, ar Google Reviews
Stars Icon.
Réimse leathan cártaí, saothar ealaíne, seodra, cniotála, gallúnach, coinnle i measc réimse ollmhór earraí bronntanais sa siopa ceardaíochta. Chuir ball foirne an-chairdiúil, aoibhinn agus cabhrach fáilte mhór romhainn agus mhol siad háiseanna áitiúil chomh maith.
Evelyn, ar Google Reviews
Stars Icon.
Lá iontach amuigh don teaghlach ar fad. Rinne muid an turas báid ar an loch, an turas ar an seanteach agus bhain muid taitneamh as an aonach ceardaíochta a bhí ar siúl. Thaitin na tuairtcharr, na báid troithean agus an áit súgartha bó go mór leis na páistí.
Ed, ar TripAdvisor
Stars Icon.
Lá iontach amuigh! Thugamar cuairt ar Teach an Fhíodóir agus bhí sé iontach, chomh faisnéiseach agus spraíúil (ba í Martina ár dtreoraí). Thugamar cuairt ar an Turas Bád ar Loch Dhún Lúiche fosta agus bhí sé den scoth, radharcanna iontacha ar an tírdhreach máguaird agus arís neart staire agus scéalta áitiúla. Tabhair cuairt air má tá tú i gContae Dhún na nGall.
Ciara, ar TripAdvisor
Stars Icon.
Bhí lá iontach againn ag Ionad Dhún Lúiche le linn Seachtain na hOidhreachta. Is seoid faoi bhun a luacha í an áit seo gan dabht. Ba iad na hainmhithe feirme cairdiúla, an turas báid suaimhneach, agus an clós súgartha iontach buaicphointí ár gcuairte. Is dócha gurb í an pháirc súgartha ceann de na cinn is mó agus is fearr cothabháilte a raibh muid ann riamh – foirfe do theaghlaigh le páistí.
Anita, ar Google Reviews
Stars Icon.
Lá ar dóigh amuigh. Thig leat dul ag marcaíocht/ag siúlóid ar an bealach isteach don ionad. Thig leat siúlóidí fada nó gearra a dhéanamh timpeall an ionaid, an chnoic nó an bhóthair le radharc an-álainn.Thig leat cuimhneacháin, bia, píosa beag staire a cheannach, agus scéal beag curtha leis chun léargas a thabhairt duit ar an saol sna seanlaethanta.
Aisling, ar TripAdvisor
Stars Icon.
Lá iontach amuigh don teaghlach. Tá triúr páistí againn faoi bhun 4 bliana d’aois. Bhí an bia maith, na tuairtcharr, na báid pedal agus an clós súgartha iontach. Foireann an-chairdiúil, thug siad seans dár bpáistí ar na gníomhíochtaí agus mura raibh dúl acu iontu, chuidigh siad go cineálta leo agus mhol siad rud éigin níos fearr dóibh.
Aidan, ar TripAdvisor