Turas Teach an Fhíodóir
Lonnaithe i gcroílár Dhún Lúiche, tugann Turas an tigh léargas tarraingteach ar thraidisiúin shaibhre fíodóireachta na hÉireann agus ar shaol theaghlach áitiúil Ó Fearraigh.

Teach Mháire Mhór
Ar a dtugtar Teach Mháire Mhór, ba é an teachín seo baile Mhánus, Pádraig, agus Sophie Ferry tráth, agus tá sé caomhnaithe go grámhar chun an stíl mhaireachtála thraidisiúnta agus an cheardaíocht a mhúnlaigh a saol a thaispeáint. Bhain Manus Ferry, fíodóir clúiteach ar fud an domhain, aitheantas idirnáisiúnta amach as a chuid oibre, agus bhí a bhréidín á lorg ag daoine suntasacha ar nós Henry McElhinney. Cé nár fhág sé Dún Lúiche riamh, chuidigh scileanna fíodóireachta Mhánus le bhréidín Dhún na nGall a chur ar an léarscáil. Bhí ról lárnach ag a dheirfiúr Sophie i ngnó an teaghlaigh, ag bainistiú a siopa beag agus ag bailiú olann. Chruthaigh sí ruaimeanna nádúrtha ó phlandaí agus ó bhláthanna freisin, rud a chuir le dathanna beoga a gcuid teicstílí. Tá scéal a saoil fite fuaite go hálainn isteach sa turas.
Tugann Turas Teachín an Fhíodóra cuireadh duit céim siar in am a thógáil agus teicnící traidisiúnta fíodóireachta agus saol theaghlach Ó Fearraigh a iniúchadh.
Tosaíonn an turas le físeán gairid, a thugann léargas ar stair Dhún Lúiche, teach Ó Fearraigh , agus an trádáil fíodóireachta áitiúil.
Ansin, feicfidh cuairteoirí taispeántas beo sníomh agus fíodóireachta, áit a dtugann ár dtreoraithe oilte ealaín chasta na fíodóireachta láimhe chun beatha. Bíonn rothaí sníomh agus seoltaí traidisiúnta i mbun gnímh, ag taispeáint an chruinneas agus an chúraim a théann isteach i ngach píosa. Ó ullmhú na holann go dtí an seol a chur ar bun, míníonn ár dtreoraithe gach céim, ag tairiscint tuiscint phraiticiúil ar an gceird.
Is buaicphointe den turas Siopa Sophie, léargas cumhach ar an am atá thart. Tá taobh istigh an tsiopa caomhnaithe go cúramach, agus tá earraí bunaidh go fóil ar taispeáint mar a bhí siad blianta fada ó shin.
Faoi threoir ár bhfoireann eolach, beidh tú in ann taithí a fháil ar dhraíocht thuaithe na hÉireann fhad is a gheobhainn tú boladh compordach tine móna agus oidhreacht bhuan theaghlach Ó Fearraigh, áit a bhfuil scéal i ngach coirnéal don teach.
Ár Eispéiris
Cad atá á rá ag ár gCuairteoirí

De ghnáth, tabharfhainn muid cuairt ar Dhún Lúiche gach bliain, agus ní bhíonn díomá orainn riamh. Is breá lenár mbuachaillí é. Bhí cúpla rud nua le feiceáil i mbliana, rud a bhí iontach deas, agus is buaicphointe i gcónaí an turas báid ar an loch. Beidh muid ar ais an bhliain seo chugainn cinnte. Is fiúntach an praghas é seo a bhuíochas leis an mbia, an ceol, agus an t-atmaisféar te.Sabrina, ar TripAdvisor

Is eispéireas riachtanach é Ionad Cois Locha. Bhain muid an-taitneamh as gach bomaite dár gcuairt. Sa Chaifé, bhain muid sult as caife, tae, agus ceapairí blasta. Cuireann an fhoireann seirbhís den scoth ar fáil. Thug muid turas radharcach ar an loch le Peadar agus Pól freisin—bhí sé iontach suimiúil. Neart ceardaíochta agus priontaí áille le meas agus le ceannach. Radharcanna iontacha!Pearl, ar Google Reviews

Áit iontach do pháistí agus do theaghlaigh. Thug muid cuairt ar an teach agus ar an turas báid, a raibh iontráil saor in aisce isteach sa pháirc súgartha mar chuid de. Bhí an teachín cosúil le siúlóid tríd an am agus an-suimiúil. Thaispeáin an bhean a bhí ann dúinn cen dóigh olann a shnáthú agus bhí sé iontach. Thug an turas báid cuntas mionsonraithe ar an talamh máguaird.Margaret, ar Google Reviews

Cé nach bhfuil cónaí orainn rófhada ó Dhún Lúiche, ba é seo ár gcéad chuairt ann agus chuir sé iontas orm cé chomh hiontach is atá an seoid bheag fholaithe seo! Tá neart rudaí ann do pháistí, tá ár bpáistí idir 2 agus 8 mbliana d’aois, agus bhí na tuairtcharr agus na pedalos iotach, chomh maith leis an gclós súgartha.Joy, ar Google Reviews

Réimse leathan cártaí, saothar ealaíne, seodra, cniotála, gallúnach, coinnle i measc réimse ollmhór earraí bronntanais sa siopa ceardaíochta. Chuir ball foirne an-chairdiúil, aoibhinn agus cabhrach fáilte mhór romhainn agus mhol siad háiseanna áitiúil chomh maith.Evelyn, ar Google Reviews

Lá iontach amuigh don teaghlach ar fad. Rinne muid an turas báid ar an loch, an turas ar an seanteach agus bhain muid taitneamh as an aonach ceardaíochta a bhí ar siúl. Thaitin na tuairtcharr, na báid troithean agus an áit súgartha bó go mór leis na páistí.Ed, ar TripAdvisor

Lá iontach amuigh! Thugamar cuairt ar Teach an Fhíodóir agus bhí sé iontach, chomh faisnéiseach agus spraíúil (ba í Martina ár dtreoraí). Thugamar cuairt ar an Turas Bád ar Loch Dhún Lúiche fosta agus bhí sé den scoth, radharcanna iontacha ar an tírdhreach máguaird agus arís neart staire agus scéalta áitiúla. Tabhair cuairt air má tá tú i gContae Dhún na nGall.Ciara, ar TripAdvisor

Bhí lá iontach againn ag Ionad Dhún Lúiche le linn Seachtain na hOidhreachta. Is seoid faoi bhun a luacha í an áit seo gan dabht. Ba iad na hainmhithe feirme cairdiúla, an turas báid suaimhneach, agus an clós súgartha iontach buaicphointí ár gcuairte. Is dócha gurb í an pháirc súgartha ceann de na cinn is mó agus is fearr cothabháilte a raibh muid ann riamh – foirfe do theaghlaigh le páistí.Anita, ar Google Reviews

Lá ar dóigh amuigh. Thig leat dul ag marcaíocht/ag siúlóid ar an bealach isteach don ionad. Thig leat siúlóidí fada nó gearra a dhéanamh timpeall an ionaid, an chnoic nó an bhóthair le radharc an-álainn.Thig leat cuimhneacháin, bia, píosa beag staire a cheannach, agus scéal beag curtha leis chun léargas a thabhairt duit ar an saol sna seanlaethanta.Aisling, ar TripAdvisor

Lá iontach amuigh don teaghlach. Tá triúr páistí againn faoi bhun 4 bliana d’aois. Bhí an bia maith, na tuairtcharr, na báid pedal agus an clós súgartha iontach. Foireann an-chairdiúil, thug siad seans dár bpáistí ar na gníomhíochtaí agus mura raibh dúl acu iontu, chuidigh siad go cineálta leo agus mhol siad rud éigin níos fearr dóibh.Aidan, ar TripAdvisor





