skip to main content
ÁIRIGH ANOIS

Turas Locha ar bord an Ghráinne Rose

Bain sult as áilleacht, stair agus béaloideas Dhún na nGall le turas báid tarraingteach ar Loch Dhún Lúiche ag Ionad Cois Locha.

Dunlewey price icon.
PRAGHAS
ó €8
Dunlewey duration icon.
FAD
0.5 Uair
ÁIRIGH ANOIS
Snow-capped Errigal Mountain near Gweedore in Donegal, reflected in the lake in front.

Turas mara ar Uiscí Ciúine Dhún Lúiche

Tugann ár dturais bháid threoraithe ar bord an Gráinne Rose meascán uathúil de radharcra agus scéalaíocht iontach. Le tú ag seoltóireacht trasna uiscí ciúine Loch Dhún Lúiche, gheobhaidh tú guth a phléann stair shaibhir na ceantair. Amharch fa choinne an crannóg, oileán déanta ag an duine a úsáideadh mar lonnaíocht tráth, agus foghlaim faoina thábhacht i stair na hÉireann. Foghlaimeoidh tú faoi Eastát Guinness, a bhí faoi úinéireacht an teaghlaigh ghrúdaireachta cháiliúil tráth, agus a thionchar ar an tírdhreach áitiúil.

Chomh luath agus a bheidh tú ar bord an Ghráinne Rose, mothaigh tú rúndiamhair agus meáchain atá le feiceáil san aer…

Anseo, sa spás naofa seo, ní bhriseann ach ceol neamhchoitianta ach íon na n-éan an tost trom. Tá na radhairc le linn an turais iontach ar fad. Ón mbád, bainfidh tú taitneamh as radhairc gan bhriseadh ar Shliabh maorga an Earagail. Bí réidh le bheith faoi dhraíocht agus tú ag féachaint ar áilleacht Ghleann Nimhithe, áit atá tumtha i finscéalta agus i rúndiamhair, ar a dtugtar a thírdhreach drámatúil agus a ainm uathúil.

I dtimpeallacht atá ag athrú i gcónaí sa Ghleann, áit a léiríonn giúmar na haimsire mothúcháin athraitheacha na tíre a iompraíonn tú go croílár seanchais agus iontais nádúrtha na hÉireann.

Mothaigh tú rúndiamhair agus meáchain atá le feiceáil san aer. Anseo, sa spás naofa seo, ní bhriseann ach amhrán neamhchoitianta ach íon na n-éan an tost trom.

Seol feadh an loch agus scéalta miotaseolaíochta na hÉireann, lena n-áirítear an troid mór idir Lugh agus Balor, ag líonadh an aeir. Éist go géar le cogarnaigh na Banríona Uaine, an figiúr taibhseach a deirtear a bheith ag taibhseáil Eastát Guinness—deir cuid acu gur chonaic siad í i bhfolach sna fuinneoga fiú!

ÁIRIGH ANOIS

Ár Eispéiris

Oil painting of Errigal Mountain and Donegal landscape, with fiddle and Trad Tráthnóna text in top.
Dunlewey Centre Music icon

Trad Tráthnóna
(Seisiúin Cheoil Bheo)

Price: From €10pp
BOOK NOW TOUR DETAILS
Front Entrance of white and sandstone Dunlewey Centre building in Donegal.
Dunlewey Centre Ticket icon

Cead Isteach

Price: ó €3
ÁIRIGH ANOIS TOUR DETAILS
Close-up of a Donegal Tweed spinning wheel at Dunlewey Weaver's Cottage, Donegal.
Dunlewey Centre Weaving icon

Turas Bréidín Dhún na nGall

Price: ó €5
ÁIRIGH ANOIS TOUR DETAILS
Weaver's Cottage with white-washed walls and red half-door in Dunlewey, Donegal
Dunlewey Boat icon

Turas Bád & Teach an Fhíodóir

Price: ó €15
ÁIRIGH ANOIS TOUR DETAILS
The Dunlewey Centre building in Donegal, with Mount Errigal high above it in the background.
Season Ticket icon

Ticéad Séasúir

Price: ó €90
ÁIRIGH ANOIS TOUR DETAILS

What Our Visitors Are Saying

Stars Icon.
De ghnáth, tabharfhainn muid cuairt ar Dhún Lúiche gach bliain, agus ní bhíonn díomá orainn riamh. Is breá lenár mbuachaillí é. Bhí cúpla rud nua le feiceáil i mbliana, rud a bhí iontach deas, agus is buaicphointe i gcónaí an turas báid ar an loch. Beidh muid ar ais an bhliain seo chugainn cinnte. Is fiúntach an praghas é seo a bhuíochas leis an mbia, an ceol, agus an t-atmaisféar te.
Sabrina, ar TripAdvisor
Stars Icon.
Is eispéireas riachtanach é Ionad Cois Locha. Bhain muid an-taitneamh as gach bomaite dár gcuairt. Sa Chaifé, bhain muid sult as caife, tae, agus ceapairí blasta. Cuireann an fhoireann seirbhís den scoth ar fáil. Thug muid turas radharcach ar an loch le Peadar agus Pól freisin—bhí sé iontach suimiúil. Neart ceardaíochta agus priontaí áille le meas agus le ceannach. Radharcanna iontacha!
Pearl, ar Google Reviews
Stars Icon.
Áit iontach do pháistí agus do theaghlaigh. Thug muid cuairt ar an teach agus ar an turas báid, a raibh iontráil saor in aisce isteach sa pháirc súgartha mar chuid de. Bhí an teachín cosúil le siúlóid tríd an am agus an-suimiúil. Thaispeáin an bhean a bhí ann dúinn cen dóigh olann a shnáthú agus bhí sé iontach. Thug an turas báid cuntas mionsonraithe ar an talamh máguaird.
Margaret, ar Google Reviews
Stars Icon.
Cé nach bhfuil cónaí orainn rófhada ó Dhún Lúiche, ba é seo ár gcéad chuairt ann agus chuir sé iontas orm cé chomh hiontach is atá an seoid bheag fholaithe seo! Tá neart rudaí ann do pháistí, tá ár bpáistí idir 2 agus 8 mbliana d’aois, agus bhí na tuairtcharr agus na pedalos iotach, chomh maith leis an gclós súgartha.
Joy, ar Google Reviews
Stars Icon.
Réimse leathan cártaí, saothar ealaíne, seodra, cniotála, gallúnach, coinnle i measc réimse ollmhór earraí bronntanais sa siopa ceardaíochta. Chuir ball foirne an-chairdiúil, aoibhinn agus cabhrach fáilte mhór romhainn agus mhol siad háiseanna áitiúil chomh maith.
Evelyn, ar Google Reviews
Stars Icon.
Lá iontach amuigh don teaghlach ar fad. Rinne muid an turas báid ar an loch, an turas ar an seanteach agus bhain muid taitneamh as an aonach ceardaíochta a bhí ar siúl. Thaitin na tuairtcharr, na báid troithean agus an áit súgartha bó go mór leis na páistí.
Ed, ar TripAdvisor
Stars Icon.
Lá iontach amuigh! Thugamar cuairt ar Teach an Fhíodóir agus bhí sé iontach, chomh faisnéiseach agus spraíúil (ba í Martina ár dtreoraí). Thugamar cuairt ar an Turas Bád ar Loch Dhún Lúiche fosta agus bhí sé den scoth, radharcanna iontacha ar an tírdhreach máguaird agus arís neart staire agus scéalta áitiúla. Tabhair cuairt air má tá tú i gContae Dhún na nGall.
Ciara, ar TripAdvisor
Stars Icon.
Bhí lá iontach againn ag Ionad Dhún Lúiche le linn Seachtain na hOidhreachta. Is seoid faoi bhun a luacha í an áit seo gan dabht. Ba iad na hainmhithe feirme cairdiúla, an turas báid suaimhneach, agus an clós súgartha iontach buaicphointí ár gcuairte. Is dócha gurb í an pháirc súgartha ceann de na cinn is mó agus is fearr cothabháilte a raibh muid ann riamh – foirfe do theaghlaigh le páistí.
Anita, ar Google Reviews
Stars Icon.
Lá ar dóigh amuigh. Thig leat dul ag marcaíocht/ag siúlóid ar an bealach isteach don ionad. Thig leat siúlóidí fada nó gearra a dhéanamh timpeall an ionaid, an chnoic nó an bhóthair le radharc an-álainn.Thig leat cuimhneacháin, bia, píosa beag staire a cheannach, agus scéal beag curtha leis chun léargas a thabhairt duit ar an saol sna seanlaethanta.
Aisling, ar TripAdvisor
Stars Icon.
Lá iontach amuigh don teaghlach. Tá triúr páistí againn faoi bhun 4 bliana d’aois. Bhí an bia maith, na tuairtcharr, na báid pedal agus an clós súgartha iontach. Foireann an-chairdiúil, thug siad seans dár bpáistí ar na gníomhíochtaí agus mura raibh dúl acu iontu, chuidigh siad go cineálta leo agus mhol siad rud éigin níos fearr dóibh.
Aidan, ar TripAdvisor